16 duine cúisithe i ndiaidh agóidí a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath
Tá sé dhuine dhéag cúisithe maidir le heachtraí le linn agóidí i lár chathair Bhaile Átha Cliath inné.
Dhéileáil Gardaí le roinnt eachtraí oird phoiblí sa phríomhchathair, agus gabhadh 22 duine.
Gabhadh ceithre fhear déag agus ochtar ban idir 20idí agus 60idí, agus cúisíodh 16 díobh ó shin.
Baineann na cúisimh go príomha le cionta oird phoiblí, chomh maith le cúisimh ionsaithe, damáiste coiriúil agus seilbh scian.
Tháinig fear amháin os comhair na gcúirteanna cheana féin, agus tá triúr eile dlite os comhair na Cúirte Dúiche i mBaile Átha Cliath ar maidin inniu.
Cúisíodh trí dhuine dhéag eile agus scaoileadh saor iad as láithreas cúirte a bhí sceidealta sna seachtainí amach romhainn.
Dúirt Gardaí go ndéileálfar leis na daoine aonair eile faoin scéim rabhadh do dhaoine fásta.