Fear faighte ciontach i ndúnmharú a dhearthár Thomas Dooley
Tá fear faighte ciontach ag giúiré sa Phríomh-Chúirt Choiriúil i gCorcaigh i ndúnmharú a dhearthár, Thomas Dooley, a bhí 42 bliain d'aois, ag sochraid i dTrá Lí, Co. Chiarraí, i mí Dheireadh Fómhair, 2022.
Ciontaíodh beirt fhear agus déagóir i ndúnmharú an Uasail Dooley inné.
Fuarthas duine acu sin freisin ciontach as ionsaí a dhéanamh ar bhean chéile an Uasail Dooley, Siobhan Dooley.
Tráthnóna, d'fhill an giúiré ar an seomra cúirte le fíorasc d'aon ghuth ciontach i gcás Patrick Dooley, 36 bliain d'aois, as Garrán Arbutus, Cill Áirne, Co Chiarraí.
Deartháir níos óige leis an bhfear nach maireann é.
Bhí an giúiré i mbun díospóireachta ar feadh beagnach 12 uair go leith, agus inniu ba é an 32ú lá den triail.
Chinn an giúiré freisin go raibh déagóir fireann ciontach sa dúnmharú.
Tugadh fíorasc ciontach ar ais inné freisin i gcás Thomas Dooley Junior as ucht ionsaí a dhéanamh ar bhean chéile an duine nach maireann, rud a rinne dochar di.
Bhí na ceithre cinn de na fíoraisc sin d’aon ghuth freisin.
Cuirfear tús arís leis an bplé maidin Dé Máirt maidir leis an mbeirt chúisí eile.
Is iad Michael Dooley, 29 bliain d'aois as Bay 11, Halting Site, Bóthar Charraig Ruacháin, Corcaigh, agus Daniel Dooley, 42 bliain d'aois, as An Charraigín, Páirc Uí Chonghaile, Trá Lí, Co Chiarraí.
Is col ceathracha an bheirt acu leis an bhfear marbh.