Fuarthas fear eile ciontach i ndúnmharú Thomas Dooley
Tá fear eile faighte ciontach ag giúiré sa Phríomh-Chúirt Choiriúil i gCorcaigh as dúnmharú Thomas Dooley, a athair de sheachtar, a bhí 42 bliain d'aois, ag sochraid i dTrá Lí, Co. Chiarraí, i mí Dheireadh Fómhair, 2022.
Fuarthas Michael Dooley, 29, as Bá 11, Láithreán Stad, Bóthar Charraig Ruacháin, Corcaigh, ciontach i bhfíorasc d'aon toil ón ngiúiré.
Tá triúr fear agus déagóir ciontaithe cheana féin as an dúnmharú. Fuarthas duine de na fir sin freisin ciontach as ionsaí a dhéanamh ar bhean chéile an Uasail Dooley, Siobhan.
Tháinig breithiúnas an ghiúiré tar éis beagnach 17 uair an chloig de phlé.
Tosóidh an giúiré ar a bplé maidin Déardaoin maidir le cás an fhir chúisithe deiridh, Daniel Dooley, 42 bliain d'aois, as An Charraigín, Páirc Uí Chonghaile, Trá Lí, Co. Chiarraí.
Tuilleadh le leanúint…