News
Plean le haghaidh €725m de mhaoiniú státchiste do RTÉ le dul faoi bhráid na Comh-Aireachta
Tá moladh go bhfaighidh RTÉ maoiniú státchiste de €725 milliún thar na trí bliana amach romhainn le dul faoi bhráid na Comhaireachta amárach.
Tá roinnt samhlacha maoinithe do thodhchaí RTÉ faoi chaibidil le seachtainí beaga anuas.
Ba é an chéad cheann ná go bhfanfadh an córas reatha mar a chéile, le brú chun comhlíonadh níos mó a chinntiú i dteaghlaigh a íocann an táille ceadúnais teilifíse €160 in aghaidh na bliana.
Ba é an dara ceann ná táille an cheadúnais teilifíse a scor go hiomlán, agus maoiniú a thiocfadh ón Státchiste amháin a chur ina áit.
Pléadh freisin 'samhail hibrideach', mar a thugtar air, a d'fhágfadh go mbeadh táille laghdaithe ar líonta tí arna bhforlíonadh ag maoiniú státchiste.
Tuilleadh le leanúint.