News
Seoladh cuardaigh le haghaidh cadhcóir ar iarraidh amach ó chósta Phort Láirge
Táthar ag cuardach cadhcóir atá ar iarraidh amach ó chósta Chontae Phort Láirge.
D’fhág an cadhcóir Ceann Heilbhic i nDún Garbhán ag 11.40rn ar maidin ach níor éirigh leis filleadh ar an gcladach.
Tugadh foláireamh do Gharda Cósta na hÉireann ag 5.25pm tráthnóna inniu agus cuireadh tús le cuardach ón Ionad Comhordaithe Tarrthála Mara i mBaile Átha Cliath.
Tá an cuardach ar siúl le tacaíocht ó bhád tarrthála Helvick, Aonad Garda Cósta Bhun Machan, Aonad Garda Cósta na hAirde Móire agus Rescue 117.
Tá an soitheach cabhlaigh an LÉ Aobhinn ar an láthair freisin chun an cuardach a dhéanamh.