News
Fear gafa ag aerfort Bhéal Feirste ar chúisimh fuatha
Tá fear 53 bliain d'aois le teacht os comhair cúirte i mBéal Feirste cúisithe as ábhar scríofa a dháileadh chun fuath a spreagadh.
Coinníodh an fear ag Aerfort Chathair Bhéal Feirste inné ag oifigigh a bhí ag fiosrú mí-ord poiblí sa chathair le déanaí.
Tá sé le láithriú os comhair breithimh dúiche ag Cúirt Giúistísí Bhéal Feirste níos moille inniu.
Tá 43 duine gafa ag na póilíní maidir leis an neamhord, agus tá 34 cúisithe go dtí seo.