News
Fear sa chúirt faoi aimsigh drugaí i Muineachán
Tá fear sna 20idí le teacht os comhair Cúirt Dúiche Mhuineacháin agus é cúisithe maidir le plandaí cannabais agus cannabas luibhe amhrasta a urghabháil i mBaile na Lorgan.
D’aimsigh Gardaí teach fáis ina raibh 57 planda cannabais, agus 13 mála folúis de luibh cannabais triomaithe, arbh fhiú thart ar €350,000 é le linn cuardaigh ar áitribh ar an mbaile inné.
Aonad Drugaí Rannán Mhuineacháin a rinne an oibríocht.
Déanfar anailís bhreise anois ar na drugaí a urghabhadh le hEolaíocht Fhóiréinseach Éireann.