News
Urghabhadh cóicín luach €2.8m ag Calafort Bhaile Átha Cliath
D'urghabh oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim luach €2.8 milliún de chóicín ag Calafort Bhaile Átha Cliath.
Thángthas ar thart ar 40kg den druga folaithe i gcuas urláir leantóra.
Bhí an leantóir á tharraingt ag feithicil a tháinig ar bhád farantóireachta ó Cherbourg sa Fhrainc inné.
Gabhadh fear ina 50idí.
Tá sé á cheistiú ag stáisiún na ngardaí i mBaile Átha Cliath.