News

Méaduithe ar phianbhreith uasta i leith cionta a bhaineann le scian



Tá ordú tosaithe sínithe ag an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee chun na pianbhreitheanna uasta a mhéadú do cheithre chion a bhaineann le scian.

Faoi na hathruithe, tá méadú ó chúig bliana go seacht mbliana ar an bpianbhreith as scian a shealbhú in áit phoiblí a bhfuil sé i gceist aige duine a ghortú, a éagumasú nó a imeaglú.

Tá méadú cúig bliana go seacht mbliana freisin ar an bpianbhreith mar gheall ar fhoghail le scian nó le hearra eile a bhfuil lann nó géarphointe air, mar atá an phianbhreith as aon earra a tháirgeadh a d’fhéadfadh díobháil thromchúiseach a dhéanamh.

Idir an dá linn, d’fhéadfadh go n-ardófaí a bpianbhreith ó sheacht mbliana go deich mbliana d’aon duine a bhfaightear amach go raibh sé ag déanamh, ag iompórtáil, ag díol, ag fruiliú nó ag tabhairt ar iasacht airm ionsaitheacha ordaithe.

Ag fógairt na n-athruithe, dúirt an tAire McEntee gur “cionta tromchúiseacha coiriúla iad coireanna sceana, a bhféadfadh iarmhairtí fadréimseacha agus uafásacha a bheith acu.”

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt go gcabhróidh an méadú ar phianbhreith “a thuilleadh le sceana agus airm ionsaitheacha eile a choinneáil amach ar ár sráideanna.”

“Léiríonn na leasuithe seo tromchúis na gcionta atá i gceist agus cinnteoidh siad go bhféadfaidh na cúirteanna, sna cásanna is tromchúisí, smachtbhanna a ghearradh a oireann go hiomlán don choir,” a dúirt an tAire McEntee.

Tháinig na hathruithe i ndiaidh moltaí ó fhoghrúpa na scianchoireachta den Fhóram Saineolaithe ar Iompar Frithshóisialta, a bhfuil an tAire Stáit sa Roinn Dlí agus Cirt James Browne ina chathaoirleach air.

D’fháiltigh an tAire Browne roimh na hathruithe a dúirt sé gur cúis imní an phobail iad.

“D’éist an Rialtas le himní an phobail agus tá na hathruithe seo sa dlí dírithe ar a chinntiú go ngearrtar pionós cuí ar chiontóirí agus go laghdaítear úsáid na sceana sa choireacht.

Dúirt an tAire Brown freisin, “go gcuirfidh na méaduithe seo ar na huasphianbhreitheanna an teachtaireacht go bhfuil na cionta atá i gceist ina n-iompar do-ghlactha ar fad inár sochaí”.



Source link

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Back to top button