News
Báthadh bean amach ó chósta Chontae Bhaile Átha Cliath
Tá bean báite tar éis di dul i dtrioblóid agus í ag snámh amach ó chósta Bhaile Átha Cliath.
Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála faoin eachtra i bPort Mearnóg ag thart ar 1.30pm.
D’fhreastail héileacaptar tarrthála 116, garda cósta Bhinn Éadair agus an RNLI ar an láthair agus tar éis uair an chloig de chuardach aimsíodh an bhean.
Fógraíodh marbh í tamall gairid ina dhiaidh sin.