News

Ní haon iontas ar dháta an toghcháin, a deir an Taoiseach



Tá sé ráite ag an Taoiseach Simon Harris go dtarlóidh an t-olltoghchán “laistigh de roinnt seachtainí gairide”, ach níor thug sé le fios cén dáta a bheidh ann.

Ag labhairt dó ar a bhealach isteach ag cruinniú na Comh-Aireachta ar maidin, dúirt sé go n-inseofar do dhaoine trí seachtaine ar a laghad sula mbeidh sé ar siúl.

Dúirt sé nach dtarlóidh sé go dtí go mbeidh an Bille Airgeadais “sórtáilte ar dtús” mar aon le hobair eile atá le déanamh.

Cuirfear tús le céim an choiste den bhille ar 5 Samhain.

Dúirt an Taoiseach go bhfuil barúil mhaith aige faoi dháta an toghcháin agus go mbeidh sé ar siúl Dé hAoine.

D’aontaigh ceannairí na dtrí pháirtí Rialtais aréir go mbeidh an t-olltoghchán ar siúl in 2024.

Dúirt an tUasal Harris go raibh an cruinniú “an-mhaith” agus go bhfuil sé ráite aige i gcónaí go rachaidh sé i gcomhairle leis an dáta is fearr chun an t-olltoghchán a reáchtáil agus nach mbeadh sé ag cur iontas ar éinne.

Dúirt sé freisin nach bhfuil imní air nach bhfuil 18 Teachta Dála de chuid Fhine Gael san iomaíocht sa chéad toghchán eile, ag rá go bhfuil iarrthóirí láidre i ngach toghcheantar agus go dtoghtar go leor daoine nua i ngach toghchán.

Dúirt sé nach bhfuil na hiarrthóirí seo nua dá bpobail, ach d’admhaigh sé go bhfuil an pholaitíocht “i bhfad níos déine anois”.



Source link

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Back to top button