Comhlacht Chorcaí ag ullmhú don chéad seoladh roicéad in Éirinn
D’fhógair SUAS Aerospace atá lonnaithe i gCorcaigh comhpháirtíocht le T-Minus Engineering atá lonnaithe san Ísiltír don chéad seoladh roicéad tráchtála in Éirinn an bhliain seo chugainn.
Tá an misean Pathfinder le pléascadh go déanach in 2025 ó shuíomh seolta ar chósta thiar na hÉireann.
Déanfaidh SUAS Aerospace maoirsiú ar lóistíocht chasta an tseolta lena n-áirítear fáil suímh, ceadúnú agus rannpháirtíocht geallsealbhóirí, agus cuirfidh T-Minus Engineering saineolas ar fáil i dtiomáint roicéad soladach, leictreonaic ar bord agus oibríochtaí seolta.
Dúirt an fhoireann taobh thiar den seoladh go dtugann cósta thiar na hÉireann cost-éifeachtúlacht, rochtain éasca ar muir agus ar aer, agus limistéar mór sábháilteachta thar an Aigéan Atlantach.
“Is cloch mhíle shuntasach é misean Pathfinder do chlár spáis na hÉireann,” a dúirt Rory Fitzpatrick, Príomhfheidhmeannach SUAS Aerospace.
“Ní hamháin go léireoidh sé cumais theicniúla na tíre ach cuirfidh sé le fás eacnamaíoch agus cruthú post freisin,” a dúirt an tUasal Fitzpatrick.
Táthar ag súil go mbunóidh an seoladh suíomh na hÉireann i margadh seolta na hEorpa agus go spreagfaidh sé tacaíocht stáit don bhonneagar spáis.
“Agus T-Minus ag lorg deiseanna nua lasmuigh den Ísiltír mar gheall ar shrianta spáis, cuireann an tionscadal Pathfinder réiteach uathúil i láthair agus tacóidh sé lenár leathnú breise ar fud na hEorpa,” a dúirt Hein Olthof, POF T-Minus Engineering.
“Creidimid go n-osclóidh an chomhpháirtíocht seo deiseanna nua dár gcustaiméirí, agus táimid muiníneach go dtiocfaidh tionscadail nuálacha agus rathúla as ár gcomhoibriú le SUAS Aerospace, rud a chuirfidh le fás cumais spáis na hEorpa,” a dúirt an tUasal Olthof.