Bean a bhíodh gan dídean ag tathant ar dhaoine vótáil
Tá bean óg as Co Phort Láirge a raibh taithí aici gan dídean ag impí ar dhaoine clárú le vótáil roimh an olltoghchán.
Bhí Keile Sheridan O'Danza, 25 bliain d'aois, faoi chúram altrama agus í ina leanbh agus nuair a d'fhág sí cúram, dúirt sí nach raibh aon áit aici le dul. Tá árasán ar cíos aici anois agus tá sí cláraithe le vótáil don chéad uair.
Oibríonn Keile le Focus Ireland ina Chlár Ambassador um Eispéireas Saoil agus dúirt go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go gcloistear daoine gan dídean ag an mbosca ballóide chun cabhrú le hathrú polaitiúil a thiomáint chun deireadh a chur leis an ngéarchéim tithíochta agus easpa dídine.
Tá feachtas clárúcháin vótála seolta ag an gcarthanas chun daoine a spreagadh le clárú le vótáil anois, sula nglaofar toghchán go hoifigiúil.
Féach ar an bhfíseán chun níos mó a chloisteáil ó Keile.