News
Bagairt buama déanta ar theach an Taoisigh
Tá sé deimhnithe go díreach tar éis 6pm tráthnóna inniu go ndearnadh bagairt bhuama ar theach an Taoisigh Simon Harris.
Bhí bean chéile agus leanaí óga an Uasail Harris sa bhaile ag an am.
Rinneadh an bhagairt i nglao gutháin chuig líne chabhrach na Samáraigh.
Tar éis do ghardaí cuardach a dhéanamh ar an teach, níor aimsíodh gléas ar bith.
Níl Oifig an Taoisigh ag trácht ar an eachtra.