News
Fear básaithe tar éis eachtra tráchta bóthair i gCo. Chorcaí
Tá fear básaithe tar éis eachtra tráchta bóthair sa Chóbh, Co. Chorcaí.
Thángthas ar an rothaí, a bhí ina 70idí, ar thaobh an bhóthair i mBaile Liam.
D’fhreastail Gardaí ar an láthair thart ar 8:30r.n.
Tugadh an fear go hOspidéal na hOllscoile, Corcaigh i riocht tromchúiseach agus fógraíodh marbh.
Deir Gardaí gur le scrúdú iarbháis atá le socrú a dhéanfar cúrsa a bhfiosrúchán.