Comhaontas Glas le torthaí an chomórtais ceannaireachta a fhógairt
Toghfar ceannaire nua den Chomhaontas Glas ar maidin tar éis vóta i measc bhallraíocht an pháirtí.
Is iad an tAire Imeasctha Roderic O’Gorman agus an tAire Stáit, an Seanadóir Pippa Hackett, an bheirt iarrthóirí atá ag lorg ionad an cheannaire Eamon Ryan atá ag dul as oifig.
Rinne an tUasal Ryan an fógra an mhí seo caite, nuair a dheimhnigh sé freisin nach mbeidh sé san iomaíocht sa chéad olltoghchán eile.
Bhí breis agus 3,500 ball páirtí i dteideal vótáil sa toghchán seo.
Bhí an vótáil ar líne idir Déardaoin agus inné.
Tá sé tuartha ag na daoine a bhí páirteach in eagrú na bhfeachtas ceannaireachta go mbeidh an toradh gar.
Fógrófar an ceannaire nua i gCaifé Bewley’s ar Shráid Grafton ag 11am.
Táthar ag súil go mbeidh a gcéad chruinniú acu leis an Taoiseach Simon Harris agus an Tánaiste Micheál Martin níos déanaí tráthnóna inniu.
Ardaíonn an t-athrú ceannaire an fhéidearthacht go ndéanfaí airí den Chomhaontas Glas a athshocrú, ach níl sé seo dosheachanta, a dúirt foinsí laistigh den pháirtí.
Tá an tAire Meán Catherine Martin tar éis labhairt cheana féin faoina mian le fanacht ina ról chun an próiseas a bhaineann le cinneadh a dhéanamh ar shamhail mhaoinithe do na meáin seirbhíse poiblí a thabhairt chun críche.
Chuir an tUasal Ryan in iúl freisin go bhfuil sé toilteanach fanacht air mar Aire Comhshaoil, Aeráide agus Iompair.