News

An Rialtas ag lorg tairiscintí le haghaidh eitiltí cairtfhostaithe chun daoine a ionnarbadh



Tá an Rialtas ag lorg tairiscintí le haghaidh eitiltí cairtfhostaithe chun daoine nach bhfuil cead acu fanacht sa Stát a thuilleadh a dhíbirt.

Rinne an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee an fógra agus dúirt sí go bhfuil eitiltí cairtfhostaithe níos feiliúnaí nuair a bhíonn grúpa daoine á gcur chuig an gceann scríbe céanna.

Dúirt Ms McEntee go méadóidh sé seo na roghanna atá ar fáil don Gharda Síochána chun níos mó daoine a dhíbirt.

Tá go dtí Dé Céadaoin 17 Iúil ag cuideachtaí ar spéis leo an tseirbhís a sholáthar tograí a chur isteach agus táthar ag súil go dtosóidh na heitiltí roimh dheireadh na bliana.

Ní mór dóibh siúd a sholáthraíonn an tseirbhís tacaíocht talún a bheith acu chomh maith le lónadóireacht agus, nuair is gá, cúnamh leighis do phaisinéirí.

Dúirt an tAire go bhfuil méadú mór ar líon na gcinntí ar chásanna um Chosaint Idirnáisiúnta agus go bhfuil sé in am anois acmhainn a mhéadú chun daoine a bhaint as an Stát ar diúltaíodh dá n-iarratas.

“Beidh rochtain ar eitiltí cairtfhostaithe ina acmhainn úsáideach bhreise oibriúcháin agus fhorfheidhmithe don Gharda Síochána nuair nach bhfuil sé feiliúnach úsáid a bhaint as iompróirí tráchtála,” a dúirt sí.

“Le méadú mór ar líon na gcinntí a eisítear ar chásanna um Chosaint Idirnáisiúnta tá sé in am anois cur lenár gcumas daoine a bhaint as an Stát ar diúltaíodh a n-iarratais agus nach bhfuil cead acu fanacht sa Stát.

“Méadóidh seirbhís cairtfhostaithe ár roghanna maidir leis seo,” a dúirt Ms McEntee.

De réir na Roinne, tá 860 ordú díbeartha sínithe i mbliana agus os cionn 295 duine ag imeacht as an Stát.

Tháinig méadú faoi dhó freisin ar líon na ndaoine a bhaineann leas as tuairisceáin dheonacha i gcomparáid le figiúirí na bliana seo caite, méadú 97 go 227.



Source link

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Back to top button