News
An tAcht um Shábháilteacht Othar le teacht i bhfeidhm sna laethanta amach romhainn
Tá an tAcht um Shábháilteacht Othar le teacht i bhfeidhm sna laethanta amach romhainn.
Déanfaidh sé seo foráil do nochtadh oscailte éigeantach liosta d’eachtraí tromchúiseacha sábháilteachta othar d’othair agus/nó dá dteaghlaigh.
Forálann sé freisin d’fhógra seachtrach éigeantach do chomhlachtaí rialála éagsúla.
Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly go raibh gá le roinnt céimeanna ullmhúcháin le gur féidir tús a chur le hAcht 2023, lena n-áirítear córas nua náisiúnta um bainistiú teagmhais chun fógraí faoin dlí a thaifeadadh.
Inniu Lá Domhanda um Shábháilteacht Othar agus tá comhdháil á reáchtáil ag oifig náisiúnta sábháilteachta othar na Roinne Sláinte i mBaile Átha Cliath chun an ócáid a chomóradh.