News
Baile an Chollaigh i gCo Chorcaí ab ainm don bhaile is slachtmhaire in Éirinn
Bhuaigh Baile an Chollaigh i gCo Chorcaí an phríomhdhuais ag comórtas na mBailte Slachtmhara i mbliana.
Fógraíodh freisin gurb é an Lárionad Uirbeach Mór is Slachtmhaire in Éirinn é don dara bliain as a chéile ag an searmanas bronnta i bPáirc an Chrócaigh ar maidin inniu.
Bhuaigh sé iomaíocht ghéar don phríomhdhuais ó 904 baile agus sráidbhaile ar fud na tíre.
Ba iad na buaiteoirí móra eile i gcomórtas na mBailte Slachtmhara Supervalu ná Baile na hAbhann don sráidbhaile is slachtmhaire agus An Charraig Dhubh, Co. Lú don bhaile beag is slachtmhaire.
Ba í Cathair na Mart, Co Mhaigh Eo buaiteoir an bhaile mhóir ba shlachtmhaire.
Tuilleadh le leanúint.