News
Bean le bheith sa chúirt mar gheall ar bhás fir i mBaile Brigín
Tá bean ina 40idí le teacht sa chúirt ar maidin inniu i leith bás fir ina 60í i mBaile Átha Cliath níos luaithe an mhí seo.
Fuarthas an fear le gortuithe tromchúiseacha ar bhóthar i gceantar Bhaile Brigín go luath Dé Sathairn 10 Lúnasa.
Tugadh go hOspidéal Beaumont é áit a bhfuair sé bás lá arna mhárach.
Rinneadh scrúdú iarbháis ina dhiaidh sin agus dúirt Gardaí nach bhfuil na torthaí á nochtadh “ar chúiseanna oibriúcháin”.
Gabhadh an bhean i mBaile Brigín maidin inné.
Táthar ag súil go dtiocfaidh sí os comhair na gCúirteanna Breithiúnais Coiriúla ar maidin.
Dúirt Gardaí go bhfuil imscrúduithe ar bun.