News

Buailfidh an Taoiseach le Foireann Éireann i bPáras roimh na Cluichí Oilimpeacha


Rachaidh an Taoiseach Simon Harris go Páras ar maidin áit a mbeidh sé ag freastal ar shraith imeachtaí mar chuid de na Cluichí Oilimpeacha.

Buailfidh sé ansin le baill Fhoireann Éireann ag an Sráidbhaile Oilimpeach agus freastalóidh sé freisin ar chruinniú mullaigh de cheannairí domhanda agus daoine mór le rá ag an Louvre.

Tá 133 lúthchleasaí Éireannacha san iomlán san iomaíocht i mbliana agus meastar go bhfreastalóidh 25,000 duine as Éirinn ar na cluichí.

Ag labhairt dó roimh an gcuairt, dúirt an tUasal Harris go mbeidh sé ag thapú an deis “buíochas a ghabháil le teaghlaigh ár lúthchleasaithe agus leo siúd go léir i róil tacaíochta a chabhraigh leo barr a gcuid spóirt a bhaint amach”.

Tá 100 bliain ann ó bhí Páras ina óstach ar na cluichí Oilimpeacha an uair dheireanach agus céad bliain ó chuaigh Éire san iomaíocht mar náisiún neamhspleách den chéad uair.

Tar éis dó bualadh le lúthchleasaithe Éireannacha freastalóidh an tUasal Harris ar chruinniú mullaigh ag an Carrousel du Louvre, arna óstáil ag Uachtarán na Fraince Emanuel Macron agus Uachtarán an Choiste Oilimpeach Idirnáisiúnta, Thomas Bach.

Cuirfear tús le searmanas oscailte na gCluichí Oilimpeacha i bPáras tráthnóna amárach

Ina dhiaidh sin, freastalóidh ceannairí ar dhinnéar ag Músaem Louvre.

Díreoidh an t-imeacht ar ról an spóirt maidir le cuidiú le spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach agus tá tacaíocht á fáil aige ó ghníomhaireacht forbartha na Fraince, Agence française de développement.

Leanfar le caidreamh oifigiúil le linn chuairt an Taoisigh.

Amárach, freastalóidh an Taoiseach agus a bhean Caoimhe ar chruinniú eile de cheannairí domhanda ag Pálás Elysee, arna óstáil ag Uachtarán na Fraince Emanuel Macron.

Cuirfear tús le searmanas oscailte na gCluichí Oilimpeacha i bPáras tráthnóna amárach agus beidh sé ar siúl cois Abhainn na Seine.

Measann lucht eagraithe na gCluichí Oilimpeacha go mbeidh na céadta milliún duine ar fud an domhain ag faire ar an searmanas.



Source link

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Back to top button