News

Caiteachas breise de €1bn os cionn figiúirí an Bhuiséid a d’fhógair an Rialtas



Tá caiteachas breise de €1bn os cionn na bhfigiúirí a foilsíodh ar Lá an Bhuiséid fógartha ag an Aire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe.

Baineann an caiteachas breise atá sna meastacháin fhorlíontacha leis an Roinn Tithíochta, Coimirce Sóisialaí agus Oideachais don bhliain 2024.

Comhaontaíodh na bearta ag cruinniú den Chomh-aireacht inniu.

Fógraíodh caiteachas breise eile níos luaithe.

San iomlán cuireann na meastacháin fhorlíontacha go léir €6.3bn leis an nglanchaiteachas.

Ag preasagallamh shéan an tAire Donohoe go raibh uainiú chomhaontú na Comh-Aireachta ar an gcaiteachas breise ceangailte leis an olltoghchán.

“Caithfidh muid rudaí a bhogadh ar aghaidh chun a chinntiú go mbeidh an maoiniú a theastaíonn uathu ag ranna an Rialtais níos déanaí sa bhliain,” a dúirt sé.

Dúirt an tAire Donnelly go mbeadh níos mó meastacháin fhorlíontacha aige níos déanaí i mbliana.

Maidir leis an agóid atá á déanamh ag an earnáil fáilteachais atá ag déanamh brú ar an Rialtas na rátaí CBL a laghdú go 9% inniu, dúirt an tAire Donohoe gur “costas leanúnach buan suntasach a bheadh ​​i gceist…idir €600m go €800m”.



Source link

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Back to top button