Creidmheas fuinnimh €250 do gach teaghlach
Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí, Seachadta agus Athchóirithe NPD Paschal Donohoe go n-áireofar i mBuiséad 2025 creidmheas fuinnimh de €250 do gach teaghlach.
Íocfar é seo in dhá íocaíocht chomhionanna, ceann amháin roimh dheireadh na bliana agus ceann eile ina dhiaidh sin.
Dúirt an tAire go ndéanfar íocaíocht chnapshuime breise de €300 le daoine a fhaigheann an Liúntas Breosla i mí na Samhna, agus go n-íocfar €200 breise le daoine a fhaigheann an Liúntas Maireachtála Aonair.
Íocfar €400 freisin leo siúd a fhaigheann Deontas Tacaíochta Cúramóra, Liúntas Míchumais, Pinsean na nDall, Pinsean Easláine agus Liúntas Cúraim Baile i mí na Samhna 2024.
Chun tacú le tuismitheoirí agus le mic léinn, leanfar leis an maoiniú don laghdú ar tháillí Iompar Scoile agus do tharscaoileadh Táille na Scrúduithe Stáit, a dúirt an tAire.
D'fhógair an tUasal Donohoe freisin laghdú leanúnach €1,000 ar an táille ranníocaíochta mac léinn, chomh maith le laghdú aonuaire de 33% ar an táille ranníocaíochta do phrintísigh san ardoideachas.
Feicfear i mBuiséad 2025 freisin méadú €1,000 euro ar an ranníocaíocht táillí Teagaisc Iarchéime d’fhaighteoirí deontas mac léinn.
Deir an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe go bhfuil creidmheas fuinnimh de €250 san áireamh i mBuiséad 2025 do gach teaghlach, íoctha in dhá íocaíocht chomhionanna | Lean beo: https://t.co/uArrWWUYrA pic.twitter.com/E8ceq5GCPx
— Nuacht RTÉ (@rtenews) 1 Deireadh Fómhair, 2024