News

Cuardach aeir agus farraige do cadhcóir in easnamh as Port Láirge



Tá cuardach aeir agus farraige ar siúl amach ó chósta an oirdheiscirt do cadhicéir atá ar iarraidh le beagnach 24 uair a chloig.

Chuaigh an cadhcóir amach as Ceann Heilbhic gar do Dhún Garbhán i gCo. Phort Láirge go gairid tar éis 11.30am maidin inné.

Ardaíodh an t-aláram leis an nGarda Cósta go gairid roimh 5.30pm tráthnóna inné.

Chuir an tIonad Comhordaithe Tarrthála Mara i mBaile Átha Cliath tús le cuardach, le tacaíocht ó na seirbhísí bád tarrthála áitiúla agus an héileacaptar tarrthála R117.

Tá an t-árthach cabhlaigh an LÉ Aoibhinn ag comhordú an chuardaigh.



Source link

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Back to top button