Cuireadh pianbhreith saoil ar bhuachaill mar gheall ar dhúnmharú Woodnutt
Gearradh pianbhreith saoil ar dhéagóir a mharaigh bean anuraidh agus a chuir físeán den dúnmharú ar Snapchat faoi choinneáil faoi athbhreithniú tar éis 15 bliana.
Ní féidir an buachaill, atá faoi 18, a ainmniú faoi Acht na Leanaí.
Phléadáil sé ciontach níos luaithe i mbliana as Lorna Woodnutt, 51 bliain d’aois, a dhúnmharú i gCo. Uíbh Fhailí ar an 29 Meán Fómhair 2023 agus é 16 bliana d’aois.
Le linn éisteachta na pianbhreithe i mí Iúil, chuala an chúirt go ndúirt an déagóir le Gardaí gur phostáil sé físeán den dúnmharú chun iad a chur ar an eolas faoina raibh déanta aige.
Bhí rochtain ag breis is 100 duine ar an bhfíseán ach bhain an buachaill síos é nuair a tháinig na gardaí.
D'admhaigh sé do ghardaí gur ionsaigh sé Ms Woodnutt le sledgehammer, cnap-casúr agus scian.
Tuilleadh le leanúint…