News

Faigheann Éireannach bás agus é ag snámh amach ó chósta na Spáinne



Tá Éireannach básaithe tar éis dó dul i dtrioblóid agus é ag snámh san fharraige in oirdheisceart na Spáinne. Tharla an eachtra tráthnóna inné.

Tá sé deimhnithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha go bhfuil siad ar an eolas faoin gcás.

Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne go bhfuil cúnamh consalachta á chur ar fáil acu.

Deir tuairiscí sna meáin áitiúla go raibh an fear sna 70í.

De réir an tsuímh nuachta Béarla, The Leader, tugadh foláireamh do na seirbhísí éigeandála ag 5pm inné go raibh snámhóir tarraingthe amach as an uisce gan aithne ag Cala Capitán.



Source link

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Back to top button