News

Fear cúisithe i ndúnmharú Mary Ward



Tá fear 26 bliain d'aois cúisithe maidir le dúnmharú Mary Ward i mBéal Feirste.

Fuarthas corp Ms Ward, 22, ag póilíní i dTuaisceart Éireann ina teach cónaithe i Sráid Melrose i mBéal Feirste ar an 1 Deireadh Fómhair.

Chonacthas beo í go deireanach Dé Céadaoin 25 Meán Fómhair, lá a chaith sí tamall i nDún Geanainn, Co. Thír Eoghain, Stáisiún Bus an Mhór Láir i mBéal Feirste agus ar Shráid Melrose.

Gabhadh fear i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin agus beidh sé os comhair cúirte níos déanaí ar maidin.



Source link

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Back to top button