Fear gafa faoi bhás mná i gCo. an Dúin
Tá imscrúdú dúnmharaithe seolta tar éis bhás mná sna 80idí i gCo. an Dúin.
Tá fear 85 bliain d'aois gafa ar amhras faoi dhúnmharú tar éis gur thángthas ar chorp na mná ag teach i gceantar Hawthorne Court i mBeannchar.
Dúirt urlabhraí de chuid an PSNI go bhfuair siad tuairisc faoi bhás mná go gairid tar éis 5.30pm tráthnóna inné.
“Ar theacht dóibh, d'aimsigh oifigigh corp mná i limistéar seomra suí na maoine,” a dúirt an t-urlabhraí.
“Faraor, fógraíodh go raibh an bhean marbh ag an láthair, agus tá fiosrúcháin ag céim luath chun a chinneadh go díreach cad a tharla.”
Dúirt an t-urlabhraí: “Gabhadh fear 85 bliain d’aois ag an áitreabh ar amhras dúnmharaithe.
“Tá sé fós faoi choimeád ag an am seo de réir mar a leanann fiosrúcháin.
“Faoi láthair, níl aon duine eile á lorg againn maidir leis an imscrúdú.
“Táim ag iarraidh ar aon duine a chreideann go bhféadfadh faisnéis a bheith acu a d'fhéadfadh cabhrú linn lenár n-imscrúdú teagmháil a dhéanamh linn ar 101 agus tagairt 1260 02/06/24 á lua.”