News
Fear gafa mar gheall ar bhagairtí ar líne don Taoiseach
Tá fear ina 40idí gafa maidir le bagairtí ar líne i gcoinne an Taoisigh Simon Harris.
Gabhadh an fear ar maidin agus tá sé á choinneáil ag stáisiún Gardaí i réigiún an iarthuaiscirt.
Seoladh roinnt imscrúduithe le míonna beaga anuas ar bhagairtí agus ar chiapadh an Taoisigh agus a theaghlach.
Dúirt an tUasal Harris nach gcuirfí isteach air as a phost a dhéanamh.