News
Fear le teacht os comhair cúirte cúisithe as ionsaí marfach
Tá fear sna 30idí le teacht os comhair cúirte tar éis é a bheith cúisithe as ionsaí marfach ar fhear i mBaile Átha Cliath Déardaoin.
Tharla an t-ionsaí ag Hampton Wood Way i bhFionnghlas nuair a gortaíodh fear 51 bliain d'aois tar éis dó a bheith sáithe roinnt uaireanta.
Chuir paraimhíochaineoirí cóir leighis air ag an láthair agus tugadh go dtí Ospidéal an Mater é, áit ar fógraíodh go raibh sé marbh.
Dúirt Gardaí i ráiteas go bhfuil scrúdú iarbháis ar an duine nach maireann curtha i gcrích.