News

Sinn Féin pointe amháin chun tosaigh ar Fhine Gael sa phobalbhreith is déanaí



Tá tacaíocht caillte ag Sinn Féin agus níl sé anois ach pointe amháin chun tosaigh ar Fhine Gael, de réir na pobalbhreithe is déanaí.

Tugann pobalbhreith RED C don Business Post le fios gur thit tacaíocht Shinn Féin ceithre phointe, i gcomparáid leis an mhí seo caite, go dtí 23%.

I mí na Bealtaine 2022, sheas an páirtí ag 36%.

Ag 22%, tá a thacaíocht méadaithe faoi dhá phointe ag Fine Gael, dar leis an suirbhé – gnóthachan ceithre phointe ó tháinig Simon Harris i gceann an pháirtí.

Tháinig ardú beag, pointe amháin, ar thacaíocht Fhianna Fáil go 15% agus níl aon athrú ar thacaíocht d’iarrthóirí neamhspleácha ag 19%.

Tá an tacaíocht do na Daonlathaithe Sóisialta tite faoi phointe amháin, síos go dtí 5%.

Seasann an Comhaontas Glas agus an Lucht Oibre ag 4%, méadú pointe an ceann.

Tháinig ardú pointe amháin go 3% ar People Before Profit-Solidarity freisin agus thit Aontú pointe amháin síos go dtí 3%.

Chuir RED C agallamh ar shampla randamach de 1,021 duine fásta ar líne idir Dé hAoine 17 Bealtaine agus Dé Céadaoin 22 Bealtaine.



Source link

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Back to top button