Táthar ag cuardach taisí Arlene Arkinson i nDún na nGall
Cuirfear tús le cuardach arís ar maidin inniu le hiarsmaí cailín as Co Thír Eoghain Arlene Arkinson a chonacthas go deireanach 30 bliain ó shin.
Tuigtear do Nuacht RTÉ go leanfar leis an gcuardach, a thosaigh inné ag Foraois Bhaile Uí Bhuadáin i gceantar Ghleann Fhinne. Tá Gleann Fhinne timpeall 12km siar ó thuaidh ó Bhealach Féich.
Seo an dara cuardach ag Gardaí ar iarsmaí Arlene i mbliana i gCo Dhún na nGall. Rinneadh cuardach eile i gceantar Chaisleán na Finne níos luaithe i mbliana.
D'aontaigh teaghlach Arkinson agus a n-ionadaí dlíthiúil gan labhairt faoi shonraí na gcuardach faoi láthair ar chúiseanna oibríochtúla.
Bhí Arlene 15 bliana d’aois nuair a chuaigh sí ar iarraidh tar éis oíche amuigh ag dioscó i mBun Dobhráin ar an 13 Lúnasa 1994.
Chonacthas an déagóir as Caisleán na Deirge, Co. Thír Eoghain an uair dheireanach i gcarr a bhí á thiomáint ag an dúnmharfóir agus an rapaire Robert Howard. Níor aimsíodh corp Arlene riamh, ainneoin cuardach fairsing.
Fuarthas amach in ionchoisne 14 bliana ar bhás an déagóra a tháinig chun críche i mí Iúil 2021 gurb é Robert Howard a bhí freagrach as bás Arlene de réir na dóchúlachta.
Thug an cróinéir Brian Sherrard faoi deara: “Robert Howard, ciontóir gnéasach foréigneach, agus an duine deireanach a bhí le feiceáil le Arlene go luath ar an 14 Lúnasa 1994, a bhí freagrach as a bás.”
Cúisíodh Howard i ndúnmharú Arlene i 2002 ach éigiontaíodh é i 2005.
Ag an bhfaireachán sin, d'athdhearbhaigh deirfiúracha Arlene, Kathleen agus Paula Arkinson, a gcuid glaonna ar fhiosrúchán poiblí faoin láimhseáil ar chás a ndeirféar.
Dúirt an tAthair Paul Fraser, a bhí i gceannas ar an bhfaireachán cuimhneacháin sin, go maireann cuimhne Arlene “ar aghaidh i ngach duine a raibh aithne acu uirthi agus a raibh grá aige di” agus nach mór leanúint leis an “lorg na fírinne agus an cheartais”.