Turasóirí ag caitheamh níos lú ama in Éirinn, ach níos mó airgid
Tá cuairteoirí idirnáisiúnta ag caitheamh níos lú ama in Éirinn, ach níos mó airgid.
Léiríonn figiúirí nua ó Chónaidhm Thionscal Turasóireachta na hÉireann (ITIC) gur thit fad na dtréimhsí oíche idir Iúil agus Meán Fómhair 7%, i gcomparáid leis an am céanna anuraidh.
Mar sin féin, bhí méadú 10% ar an ioncam agus chaith cuairteoirí €2.14 billiún.
Bhí beagnach 2 mhilliún cuairteoir idirnáisiúnta in Éirinn le linn na dtrí mhí, méadú 1% ar an am céanna anuraidh.
Ba é Meiriceá Thuaidh an margadh is luachmhaire arbh fhiú €843 milliún é, le méadú 9% ar líon na gcuairteoirí, agus d’ardaigh fad na dtréimhse fanachta oíche suas 14%.
Tháinig ardú 1% ar líon na gcuairteoirí ó mhórthír na hEorpa, ach thit an meánfhad fanachta 15%.
Idir an dá linn, thit líon na gcuairteoirí ón mBreatain 5%, le fad fanachta síos 12%.
“Cuireann sonraí don tríú ráithe mála measctha i láthair,” a dúirt Niall MacCarthy, Cathaoirleach ITIC.
“Tá an t-éileamh an-mheasctha agus táimid ag dul isteach sa tréimhse traidisiúnta níos ciúine anois,” a dúirt sé.
Dúirt an ITIC go raibh srianta acmhainne, lena n-áirítear an teorainn do phaisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, agus costais mhéadaithe ghnó ag cur brú ar an tionscal.
“Tá corrlaigh ghnó faoi bhrú dáiríre,” a dúirt Eoghan O’Mara Walsh, Príomhfheidhmeannach ITIC.
“Léiríonn sonraí ó Fáilte Éireann go bhfuil 64% de ghnóthaí turasóireachta agus fáilteachais ag súil le brabúsacht a bheith níos ísle ná an bhliain seo caite”, a dúirt sé.
Dúirt an tUasal O'Mara Walsh gur ábhar díomá é an buiséad le déanaí don turasóireacht.
“Agus muid ag tnúth leis an gcéad Rialtas eile caithfear aird níos mó a thabhairt ar chúrsaí turasóireachta ó thaobh na polaitíochta agus na heacnamaíochta de,” a dúirt sé.
“Ní féidir talamh slán a dhéanamh den tionscal in earnáil dhomhanda atá thar a bheith iomaíoch agus impímid ar na páirtithe go léir na príomhcheisteanna seo a ghlacadh laistigh dá bhforógra polaitiúil,” a dúirt sé.