News

Vacsaínithe do nuabheirthe ón mhí seo chugainn chun dul i ngleic le RSV



Rithfidh clár imdhíonta FSS chun leanaí nuabheirthe a chosaint ar an Víreas Sioncróbach Riospráide (RSV) ó Mheán Fómhair go deireadh mhí Feabhra seo chugainn.

Is víreas coitianta é RSV a chruthaíonn ionfhabhtuithe riospráide i leanaí óga agus is mó an baol go dtarlóidh ionfhabhtú trom i naíonáin óga, dar le FSS.

Tairgfear an t-imdhíonadh nua do suas le 28,000 leanbh a rugadh idir Meán Fómhair 2024 agus Feabhra 2025, saor in aisce i ngach ospidéal máithreachais sula scaoiltear abhaile iad.

Freagraíonn sé seo don am den bhliain nuair a bhíonn RSV i gcúrsaíocht go príomha.

Cheadaigh an Comh-Aireachta an clár vacsaínithe i mí an Mheithimh.

I ngeimhreadh 2023/2024, bhí 118 n-iontráil in aonad dianchúraim phéidiatraiceach (ICU) de naíonáin faoi bhun aon bhliain d’aois curtha i leith RSV.

Dúirt an Dr Eamonn O’ Moore, Stiúrthóir Oifig Náisiúnta um Chosaint Sláinte an FSS, go bhfaigheann leanbh as gach beirt leanbh nuabheirthe RSV gach geimhreadh anseo agus go mbeidh cúram leighis óna ndochtúir nó ón rannóg éigeandála in ospidéal leanaí ag teastáil ó go leor acu.

Tá ceathrar as gach céad leanbh nuabheirthe san ospidéal mar gheall ar RSV.

Tá an vacsaín – nirsevimab – molta ag FSS agus ag an gCoiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh agus ceadaithe ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach.

Tosaíonn sé ag obair chomh luath agus a fhaigheann an leanbh an t-instealladh agus cosnaíonn sé ar feadh 150 lá, nó cúig mhí, meánfhad séasúr RSV.

Bunaithe ar staidéir sa Spáinn, meastar go seachnófar suas le 453 ospidéal agus suas le 48 iontráil ICU anseo mar thoradh ar an gclár vacsaínithe.



Source link

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Back to top button