Fear cúisithe i ndúnmharú Jordan Ronan i dTamhlacht
Tá fear 36 bliain d'aois tagtha os comhair na gCúirteanna Breithiúnais Coiriúla agus é cúisithe i ndúnmharú fir ina 20idí i dTamhlacht inné.
Cúisíodh Patrick Murphy, Paráid Dhroim Chairn, Tamhlacht i mBaile Átha Cliath 24, i ndúnmharú Jordan Ronan in Ascaill Dhroim Chairn i dTamhlacht go moch maidin Dé hAoine.
Dúirt an Bleachtaire Garda Stephen Nealon ó Stáisiún Garda Thamhlachta leis an gcúirt gur cúisíodh an tUasal Murphy tráthnóna inniu.
Gabhadh an tUasal Murphy inné agus ceistíodh é faoi Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil ag stáisiún gardaí i mBaile Átha Cliath.
Ceadaíodh iarratas ar chúnamh dlíthiúil mar go bhfuil Patrick Murphy dífhostaithe faoi láthair.
Athchuireadh faoi choimeád é chun láithriú os comhair Chúirt Dúiche Chnoc Seimre an 31 Iúil.
Tá bean ina 30idí, a gabhadh níos luaithe inniu maidir leis an imscrúdú ar bhás an Uasail Ronan, fós faoi choimeád tráthnóna inniu.