News
An PSNI ag fiosrú bás tobann mná i gCo. an Dúin
Tá bás tobann mná i gCo an Dúin á fhiosrú ag póilíní.
Fuarthas an bhean, a bhí ina 50idí, marbh i dteach i bPáirc na Rós i nDomhnach Aodha thart ar 7r.n.
Tá fear, atá ina 50idí, gafa ag an PSNI agus tá sé faoi choimeád.
Tá an PSNI ag iarraidh ar aon duine a bhí i gceantar Pháirc na Rosann aréir nó ar maidin inniu teagmháil a dhéanamh leo.
Déanfar scrúdú iarbháis in am trátha.