Teastaíonn reifreann chun teorainn a chur le líon na dTeachtaí Dála
D’iarr an Teachta Neamhspleách Noel Grealish ar an Rialtas gealltanas a thabhairt go gcuirfí togra le haghaidh caipín ar líon na dTeachtaí Dála sa Dáil os comhair an phobail i reifreann.
Dúirt sé go dtiocfadh 240 feisire sa Dáil as meastacháin ar fhás an daonra go seacht milliún duine faoi 2057, rud a d’éileodh parlaimint nua a thógáil.
D’iarr sé ar an Aire Donohoe an cheist a thabhairt ar láimh don Choimisiún Toghcháin lena scrúdú.
Ag freagairt dó, dúirt Paschal Donohoe go bhfuil an Coimisiún Toghcháin ag breathnú ar an gceist.
Is rud dearfach é fás an daonra, agus is é an dearcadh atá aige ná go mbeidh ionadaíocht ón Dáil fós ag teastáil.
Dúirt sé go mbeadh leisce air caipín a chur air sin. Ach bheadh suim aige a fheiceáil cad a mholfadh An Coimisiún Toghcháin.
Dúirt sé go n-oibríonn an leibhéal ionadaíochta faoi láthair go ginearálta.