Scoileanna ar fud na tíre chun leas a bhaint as ciste na bpainéal gréine
Is féidir le gach scoil sa tír iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú chun an costas a bhaineann le painéil ghréine a shuiteáil ar a díonta a chlúdach ón mhí seo chugainn.
Tá painéil curtha isteach cheana féin ag breis is 1,000 scoil sa chéad chéim den Chlár Gréine do Scoileanna agus anois tá an scéim á leathnú chuig gach scoil.
Tá painéil ghréine PV sna scoileanna ceangailte leis an eangach leictreachais ionas gur féidir le fuinneamh na gréine cumhacht a thabhairt do thithe agus do ghnólachtaí nuair a bhíonn scoileanna dúnta ag an deireadh seachtaine agus le linn laethanta saoire scoile.
Cé go n-athraíonn an méid airgid is féidir le scoil a shábháil trí úsáid a bhaint as painéil ghréine, deir an Roinn Oideachais go bhféadfadh scoil le suiteáil 6kW a bheith ag súil le coigilteas idir €1200 agus €1600 in aghaidh na bliana.
Tá an Roinn ag súil le coigilteas iomlán de thart ar €5.5 milliún in aghaidh na bliana thar 4,000 scoil nuair a bheidh an clár curtha i bhfeidhm go hiomlán.
Rachaidh an Roinn i dteagmháil le scoileanna agus tabharfar cuireadh dóibh iarratas a dhéanamh.
Caithfidh siad cúig luachan a fháil ó sholáthróirí agus iad sin a chur faoi bhráid na Roinne Oideachais.
Ag fógairt leathnú na scéime, dúirt an tAire Oideachais Norma Foley go raibh “réabhlóid ar an díon curtha ar bun aige i níos mó ná 1,000 scoil go dtí seo”.
“Chabhraigh sé leis na scoileanna seo a gcuid astuithe carbóin a laghdú,” a dúirt sí.
“Tá an poitéinseal aige freisin na milliúin euro a shábháil dár gcuid scoileanna ar a gcuid billí fuinnimh ní hamháin ar feadh bliana amháin, ach gach bliain.”
Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Ossian Smyth gur chosain an tionscadal níos lú ná mar a bhíothas ag súil leis go dtí seo “agus go n-íocfaidh sé as féin go héasca leis an airgead a choigilt”.
Tá bogearraí monatóireachta á gcur ar fáil do gach scoil freisin chun athbhreithniú agus plé a dhéanamh ar an bhfuinneamh a ghintear gach lá don fhoireann agus do na scoláirí.