Téann foireann Enerveo ar stailc maidir le híocaíochtaí iomarcaíochta
Tá baill den cheardchumann Connect i mbun stailce inniu ag an gcomhlacht soilsithe sráide Enerveo, a chuireann seirbhísí ar fáil do roinnt údarás áitiúil.
Tá an gníomh mar chuid d’aighneas faoi íocaíochtaí iomarcaíochta.
“D’fhógair Enerveo le déanaí go raibh sé ag tabhairt a cuid oibríochtaí in Éirinn chun críche agus nach mbeidh siad ag iarraidh tairiscint a dhéanamh ar aon cheann dá gconarthaí reatha,” dar le hArd-Rúnaí Connect Paddy Kavanagh.
“Tá an comhlacht ag diúltú íocaíochtaí iomarcaíochta a chur ar fáil dá lucht oibre ar aon dul leo siúd a soláthraíodh roimhe seo san earnáil,” a dúirt sé.
Vótáil baill Connect i bhfabhar stailce i mballóid a rinneadh an mhí seo caite agus seirbheáladh fógra faoi ghníomhaíocht thionsclaíoch ar an gcuideachta don Luan 8 Iúil.
Cuireadh siar é ar dtús ar feitheamh cainteanna a bhí dírithe ar réiteach a fháil ar an aighneas ach bhris an idirbheartaíocht inné.
Is éard atá i gceist leis an stailc éiginnte ná picéid a chur ag láithreacha ina ndéanann an chuideachta a cuid oibre – lena n-áirítear iostaí Enerveo, údaráis áitiúla agus roinnt tionscadal tógála.