An Ard-Chúirt chun cás cóiríochta in aghaidh an Stáit a éisteacht
Tá éisteacht le cás Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (IHREC) i gcoinne an Stáit mar gheall ar an teip cóiríocht a chur ar fáil dóibh siúd go léir atá ag lorg tearmainn anseo le tosú.
Teastaíonn ón IHREC go ndéanfadh an Ard-Chúirt dearbhuithe go sáraíonn sí cearta iarratasóirí faoi Chairt an AE um Chearta Bunúsacha.
An 4 Nollaig, d’fhógair an Stát nach bhféadfadh sé cóiríocht a chur ar fáil a thuilleadh do gach iarratasóir fireann ar chosaint idirnáisiúnta (IPA) a tháinig isteach le déanaí.
Chuir an IHREC tús leis na himeachtaí seo an mhí chéanna.
Is é an cás seo an chéad uair a d’úsáid an Coimisiún a chumhacht chun caingean dlí a thionscnamh ina ainm féin maidir le cearta daonna duine nó aicme daoine.
I mí na Nollag, dúirt sé go raibh sé sin á dhéanamh acu mar gheall ar “tromchúis an scéil”.
Tá an Coimisiún ag iarraidh ar an Ard-Chúirt cinneadh a dhéanamh an bhfuil sé mídhleathach mainneachtain cóiríocht a chur ar fáil d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta atá tagtha isteach le déanaí.
Tá sé ag iarraidh ar an gcúirt freisin iallach a chur ar an Stát soláthar a dhéanamh do bhunriachtanais, lena n-áirítear cóiríocht, iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nach bhfuil cóiríocht acu.
Tá an Stát ag cur in aghaidh an cháis agus séanann sé go bhfuil ag teip air a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh.