News

An Taoiseach le cuairt a thabhairt ar an mBruiséil do chruinniú cheannairí an AE



Rachaidh an Taoiseach Simon Harris go dtí an Bhruiséil le haghaidh cruinniú neamhfhoirmiúil de cheannairí an AE.

Táthar ag súil go mbeidh réamhphlé acu maidir le cé ba cheart a bheith ina Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach go ceann cúig bliana – agus an dara téarma á lorg ag Ursula von der Leyen.

Ní dhéanfaidh an cruinniú cinneadh ar chinniúint pholaitiúil an Uasail Von der Leyen, ach ba cheart go gcuirfeadh sé in iúl go soiléir cé chomh daingean agus atá na seansanna atá aici.

Dúirt an Taoiseach, agus é ag lua ionradh na Rúise ar an Úcráin, cogadh leanúnach Iosrael in Gaza agus athrú aeráide, go bhfuil cobhsaíocht agus treo ag teastáil ó mhuintir na hEorpa agus go bhfuil siad tuillte acu.

Dúirt sé freisin go bhfuil sé ríthábhachtach go gcuirfidh an Chomhairle Eorpach gach ceapachán chuig institiúidí an AE i gcrích chomh tapa agus is féidir.

Táthar ag súil go dtabharfaidh ceannairí an AE tacaíocht ar deireadh thiar don Uasal von der Leyen agus go molfar a hainm do Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas.

Ag labhairt di ar an gclár This Week ar RTÉ inné, dhearbhaigh Coimisinéir an AE, Mairead McGuinness, go bhfuil na ceithre vóta ag Fine Gael geallta don Uasal Von der Leyen ach nach bhfuil an deichniúr eile.

I bParlaimint na hEorpa in 2019, bhain an tUasal von der Leyen amach an post is airde sa Choimisiún Eorpach le naoi vóta amháin.

Deir roinnt Feisirí Eorpacha a thug tacaíocht di an uair sin, cosúil le Billy Kelleher ó Fhianna Fáil, nach dtacóidh siad léi an uair seo mar gheall ar a cuairt ar Tel Aviv, tar éis ionsaí Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair, in éineacht le tacaíocht neamhcháilithe a thabhairt do rialtas Iosrael.



Source link

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Back to top button