Dleacht máil nua ar vapes agus ardú €1 ar 20 toitín
Tá dleacht máil nua le tabhairt isteach ar vapes agus ar r-toitíní ó lár na bliana seo chugainn.
Tabharfar isteach cáin intíre de 50c an millilítear r-leacht – ag cur thart ar €1.23 le costas gnáth-vape indiúscartha.
Dúirt an tAire Airgeadais Jack Chambers go dtabharfaí isteach an cháin ar chúiseanna sláinte poiblí i bhfianaise an ardú suntasach atá tagtha ar úsáid vape agus ríomh-toitíní.
Mar sin féin, mar gheall ar na dúshláin oibriúcháin agus riaracháin a bhaineann leis an mbeart seo a thabhairt isteach, ní thiocfadh sé i bhfeidhm go dtí lár na bliana 2025.
Idir an dá linn tá ardú €1 ar an dleacht máil ar phaicéad 20 toitín anocht.
Dúirt an tAire go dtabharfadh sé seo praghas na dtoitíní sa chatagóir praghsanna is coitianta go dtí €18.05.
Bheadh méadú pro-ráta freisin ar an dleacht a ghearrtar ar tháirgí tobac eile.