News
Fear le teacht os comhair cúirte faoi bhás Cho. Chiarraí
Tá fear sna 30idí cúisithe i leith bás fir 44 bliain d'aois in ionsaí líomhnaithe i gCo. Chiarraí.
Tá an fear, a gabhadh inné, le teacht os comhair suí speisialta de Chúirt Dúiche Lios Tuathail ag 6.30pm.
Thángthas ar Gerard Kennelly le gortú marfach i ndiaidh eachtra ar thaobh an bhóthair i gCnoc an Iúir, gar do Lios Tuathail go moch maidin inné.
Tá an dara fear ina 20idí, a gabhadh inné freisin mar chuid den imscrúdú, fós á cheistiú ag gardaí.