Géarchéim roimh scoil speisialta Chluain Dolcáin ardaithe sa Dáil
Tá an ghéarchéim maoinithe atá roimh scoil oideachais speisialta i gCluain Dolcáin curtha in iúl sa Dáil ag ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald.
Tá easnamh maoinithe de €125,000 le sárú ag Scoil Mochua agus bhí sé le feiceáil ar Prime Time ar RTÉ aréir.
Chuala an Dáil go bhfuil ar thuismitheoirí airgead a bhailiú chun na costais seo a chlúdach.
“Tá fearg ar na tuismitheoirí seo agus tá an fhoireann agus an bord buartha faoi thodhchaí na scoile,” a dúirt Ms McDonald.
Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe go bhfuil €45 milliún breise leithdháilte chun scoileanna a bhfuil costais fuinnimh ag ardú orthu a mhaoiniú.
Dúirt sé go mbuailfidh an Roinn Oideachais le hionadaithe ón scoil anois agus go n-aithníonn an Rialtas na héilimh mhaoinithe atá roimh an scoil seo.
“Tá an Rialtas seo, leis an maoiniú atá ar fáil dúinn, ag iarraidh a chinntiú go bhfaigheann na daltaí seo an cúram agus an tacaíocht atá de dhíth orthu,” a dúirt sé.