News

Imscrúdú tar éis corp fir a fháil i gCo Mhuineacháin



Tá fiosrúchán ar bun tar éis gur thángthas ar chorp fir in árasán i gCluain Eois, Co Mhuineacháin.

Thángthas ar chorp fir ina 40idí ag árasán sa Diamond i lár an bhaile teorann ag thart ar 10pm Dé Sathairn.

Caomhnaíodh an láthair le haghaidh scrúdú teicniúil.

Tugadh corp an fhir go hOspidéal Mhuire, an Uaimh, Co na Mí, áit a ndéanfar scrúdú iarbháis.

Teastaíonn do thoiliú uainn chun an t-inneachar rte-player seo a lódáilBainimid úsáid as rte-player chun inneachar breise a bhainistiú ar féidir leo fianáin a shocrú ar do ghléas agus sonraí a bhailiú faoi do ghníomhaíocht. Déan athbhreithniú ar a gcuid sonraí agus glac leo chun an t-ábhar a lódáil.Sainroghanna a bhainistiú

Cinnfidh torthaí an iarbháis sin cúrsa an imscrúdaithe agus deir gardaí nach bhfuil imscrúdú dúnbhásaithe seolta acu go fóill.



Source link

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Back to top button