News
Nolan chun urghaire Ard-Chúirte a lorg chun stop a chur le dífhostú
Lorgóidh an tOllamh Philip Nolan urghaire Ard-Chúirte níos déanaí inniu chun stop a chur lena dhífhostú ó Fhondúireacht Eolaíochta Éireann.
Dúirt a abhcóide, an tAbhcóide Sinsearach, Padraic Lyons leis an gcúirt níos luaithe gur cuireadh in iúl don Ollamh Nolan Dé Luain go raibh sé á bhriseadh as a ról mar Ard-Stiúrthóir SFI.
Dúirt an tUasal Lyons go raibh iarratas práinneach á dhéanamh aige chun na cúirte chun éisteacht le hiarratas an Ollaimh Nolan ar urghaire chun srian a chur lena dhífhostú.
Dúirt SFI Dé Máirt nach raibh an tOllamh Nolan ina Ard-Stiúrthóir ar an ngníomhaireacht taighde a thuilleadh agus go raibh ceann gníomhach nua ceaptha.