Reachtaíocht maidir le caillteanas bithéagsúlachta le hathbhreithniú
Tá athbhreithniú ar reachtaíocht an Stáit a chosnaíonn ainmhithe fiáine, éin, gnáthóga agus tírdhreacha le oscailt an mhí seo chugainn, agus ionchur á lorg ón bpobal.
Tá sé mar aidhm aige reachtaíocht a nuashonrú chun dul i ngleic le cailliúint na bithéagsúlachta agus an dúlra a chosaint. Scrúdófar pionóis as coireacht fiadhúlra, bearta forfheidhmithe, agus ceanglais cheadúnaithe.
Áirítear leis an reachtaíocht a thiocfaidh faoin athbhreithniú na hachtanna fiadhúlra agus rialacháin Eorpacha a chosnaíonn éin agus gnáthóga nádúrtha.
D’fhógair an tAire Stáit don Dúlra, Oidhreachta agus Athchóirithe Toghcháin, Malcolm Noonan, an t-athbhreithniú.
“Is é seo an t-athbhreithniú is mó le glúin ar an reachtaíocht fiadhúlra. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh a dtuairimí in iúl ag an bpobal.
“Ba mhaith linn cloisteáil ón bpobal faoi conas is féidir an reachtaíocht a fheabhsú, cad iad na cosaintí breise ar cheart a chur ar fáil agus cad iad na tosaíochtaí ba cheart a bheith.”
Táthar ag súil go mbeidh reachtaíocht nuashonraithe mar thoradh ar an athbhreithniú a chosnaíonn níos fearr an dúlra, a chuidíonn le cosc a chur ar chaillteanas bithéagsúlachta, a chloíonn go hiomlán le dlí an AE agus is fusa a fhorfheidhmiú agus a chomhlíonadh.
Áiríodh an beart i gClár an Rialtais 2020 a thug gealltanas athbhreithniú a dhéanamh ar chosaint (lena n-áirítear forfheidhmiú na reachtaíochta ábhartha) ár n-oidhreacht nádúrtha, lena n-áirítear fálta sceach, coillearnach dhúchasach agus bogaigh.
Comhairliúchán poiblí ar líne a bheidh sa chéad chéim den athbhreithniú agus beidh sé ar siúl ó lár mhí an Mheithimh go dtí mí Mheán Fómhair. Déanfar céimeanna eile den chomhairliúchán poiblí níos déanaí agus meastar go dtógfaidh an t-athbhreithniú iomlán roinnt blianta le críochnú.