Tháinig méadú 10% ar phraghsanna tithe bliantúil i mí Lúnasa
Tá ardú 10.1% tagtha ar phraghsanna réadmhaoine cónaithe sa 12 mhí go Lúnasa, dar leis an bPríomh-Oifig Staidrimh.
Is é an ráta méadaithe bliantúil is airde ó Mheán Fómhair 2022.
Tá praghsanna anois 13.4% os cionn an bhuaicphointe a shroich siad i mí Aibreáin 2007 sular chlis ar an margadh le linn na géarchéime airgeadais.
Léiríonn figiúirí na Príomh-Oifige Staidrimh inniu gurbh é an praghas airmheánach ar theach go náisiúnta an mhí seo caite ná €345,000.
Bhí na praghsanna ab airde i nDún Laoghaire Ráth an Dúin i mBaile Átha Cliath áit a raibh praghsanna de €635,000 agus €175,000 i Longfort.
Dúirt Niall Corkery, ón bPríomh-Oifig Staidrimh, gur tháinig ardú 10.1% ar phraghsanna réadmhaoine cónaithe sa 12 mhí go Lúnasa 2024, suas ó 9.6% sa bhliain go dtí mí Iúil 2024”.
“I mBaile Átha Cliath, tháinig ardú 10.8% ar phraghsanna maoine cónaithe, agus bhí praghsanna réadmhaoine lasmuigh de Bhaile Átha Cliath 9.6% níos airde i mí Lúnasa 2024 i gcomparáid le bliain roimhe sin,” a dúirt sé.
Tháinig ardú 9.5% ar phraghsanna tithe lasmuigh de Bhaile Átha Cliath agus tháinig ardú 10.1% ar phraghsanna árasán.
Ba é an réigiún lasmuigh den phríomhchathair a chonaic an t-ardú is mó ná an Cabhán, Dún na nGall, Liatroim, Muineachán agus Sligeach ag 15%.
Ag an taobh eile den scála bhí praghsanna ardaithe 8% i gceantar an Mheánoirthir de Chill Dara, Lú, na Mí agus Chill Mhantáin.