News
Sraith nua de Fittest Family curtha siar tar éis bháis
Tá an chéad chlár den tsraith nua Ireland’s Fittest Family curtha ar athló tar éis bhás duine de na rannpháirtithe.
Bhí an clár le craoladh tráthnóna Dé Domhnaigh seo chughainn.
I ráiteas, dúirt RTÉ gur tháinig an cinneadh chun é a chur siar tar éis bhás duine a ghlac páirt sa tsraith “ina dhiaidh sin” tar éis don scannánaíocht a bheith críochnaithe.
“Is mian le léiriúcháin RTÉ agus Kite/Animo ár gcomhbhrón ó chroí a ghabháil le muintir agus cairde an duine atá básaithe ag an tráth seo. Cuirfear tuilleadh sonraí ar fáil faoi chraoladh na sraithe in am tráth,” a dúirt an craoltóir.