Naonúr dlite sa chúirt faoi agóidí ionad dídeanaithe
![](https://img.rasset.ie/0015cae7-1600.jpg)
Tá naonúr dlite sa chúirt i gCo.
Éiríonn na cúisimh tar éis roinnt teagmhas ag an ionad, áit ar cuireadh bac ar an mbealach isteach, ar cuireadh cosc ar an bhfoireann dul isteach agus imeacht agus slabhraíodh geata.
Tá an naonúr – cúigear fear agus ceathrar ban – cúisithe i gcionta oird phoiblí lena n-áirítear mainneachtain cloí le treoir an gharda an chomharsanacht a fhágáil agus cosc nó cur isteach ar shaorghluaiseacht duine nó feithicle.
Tá duine de na fir cúisithe freisin as scian Stanley a bheith ina sheilbh.
Tá an naonúr le tabhairt os comhair Chúirt Dúiche Dhún Laoghaire ar maidin.
Tugann sé go dtí 13 líon na ndaoine a cúisíodh as cionta líomhnaithe i mBaile Uí Ógáin le dhá lá anuas.
Is iad an ceathrar Rodger Long, 53 bliain d’aois ó Clay Farm Drive, Cill Ghobáin, Baile Átha Cliath 18; Jordan O'Donoghue, 21, as Ascaill Bhaile Uí Ógáin, Carraig Mhaighin, i mBaile Átha Cliath 18; Conor Killian, 25, agus as Bóthar Little Brighton, Carraig an tSionnaigh i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath; agus Ian Cahill, 44 bliain d'aois as Gleann Bhaile Uí Ógáin, Bóthar Bhaile Uí Ógáin, Baile Átha Cliath 18.
Cuireadh iad ar athchur ar bhannaí le teacht os comhair cúirte Dhún Laoghaire arís i mí an Mheithimh.